Fí Na Folláine

Tá lúcháir orainn a fhógairt go mbeidh ár gclár, Fí na Folláine, ar fáil trí mheán na Gaeilge sula i bhfad.

Laistigh de chreatlach an Churaclaim OSPS, is é Fí na Folláine an chéad chlár dá leithéid deartha in Éirinn don Mheabhairshláinte Dhearfach. Tá sé mar aidhm aige cur le folláine páistí idir 8-12 bhliain d’aois. Tá Fí na Folláine bunaithe ar an tSíceolaíocht Dhearfach. Tá 5 leibhéal in Fí na Folláine:

Tá an Clár Weaving Well-being in úsáid i scoileanna ar fud na hÉireann agus clúdaíonn sé ó Rang a Dó go Rang a Sé. Is éard atá sa chlár ná cúig lámhleabhar do mhúinteoirí agus cúig leabhrán do dhaltaí. Tá an clár á aistriú go Gaeilge faoi láthair le maoiniú ó COGG. Is é Fí na Folláine an t-ainm atá ar an gclár. Tá an t-aistriúchán á dhéanamh diaidh ar ndiaidh mar seo:

  • Tréimhse a haon: Leabhráin na nDaltaí á n-aistriú – roimh an 31 Iúil 2020
  • Tréimhse a dó: Na ‘Comhábhair Mhúinteoireachta’ ar fad ó Lámhleabhair na Múinteoirí – roimh an 31 Lúnasa 2020. Cuimseoidh siad seo Cuir i Láthair PowerPoint, naisc leis an gcuraclam, naisc thraschuraclaim/gníomhaíochtaí breise agus póstaeir don seomra ranga do na 10 gceacht ar fad (50 ceacht san iomlán). Beidh siad seo ar fáil ón bhfoilsitheoir do thús na scoilbhliana nua.
  • Tréimhse a trí: Aistriúcháin ar na cúig lámhleabhar don mhúinteoir – roimh an 15 Eanáir 2021

Fí na Folláine (Rang a Dó): Buanna Pearsanta – Leabhrán an Dalta

Is éard atá i Leabhrán an Dalta: Buanna Pearsanta ná 10 gceacht atá deartha chun cabhrú le páistí éirí feasach ar na buanna pearsanta difriúla atá againn go léir go pointe áirithe agus ar na tairbhí a bhaineann lena n-úsáid. Aithneoidh na páistí na buanna is mó atá acu freisin, na buanna atá le húsáid acu chun cur lena sonas agus lena bhfolláine. Diaidh ar ndiaidh, forbraíonn Leabhrán an Dalta isteach ina phunann an-phearsanta.

Fí na Folláine 3 (Rang a Trí): Mothúcháin Dhearfacha - Leabhrán an Dalta

Is éard atá i Leabhrán an Dalta: na Mothúchán Dearfach ná 10 gceacht a chuireann na páistí ar an eolas faoi 5 straitéis atá bunaithe ar fhianaise chun cur lena mothúcháin dhearfacha ar bhonn laethúil. Cuirtear gach ceann de na straitéisí seo i láthair na bpáistí mar “chomhábhar” a dhéanann “Meascán Mothúcháin Dhearfacha. Seo thíos na straitéisí:

  • Buíochas a chur in iúl
  • Tuiscint agus taithí ar ghníomhaíochtaí “Faoi Lánseol”
  • Cineáltas a dhéanamh gan choinne
  • Imeachtaí beaga dearfacha a thabhairt faoi deara agus a cheiliúradh
  • Fanacht sláintiúil agus aclaí

Diaidh ar ndiaidh, forbraíonn Leabhrán an Dalta isteach ina phunann an-phearsanta

Fí na Folláine (Rang a Ceathair): Uirlisí don Teacht Aniar – Leabhrán an Dalta

Is éard atá i Leabhrán an Dalta: Uirlisí don Teacht Aniar ná 10 gCeacht atá deartha chun na páistí a chur ar an eolas faoi 6 scil ar leith don Teacht Aniar atá bunaithe ar fhianaise:

  • Dearcadh
  • Tarraingt Shláintiúil na hAigne
  • Saraíocht na Smaointe
  • Úsáid na mBuanna Pearsanta Fíora
  • Aireachas
  • Pleanáil Fadhbdhírithe

Cuirtear straitéisí suaimhnithe, bunaithe ar aireachas, os comhair na bpáistí le cabhrú leo le déileáil le himní, le fearg agus le mothúcháin láidre. Diaidh ar ndiaidh, forbraíonn Leabhrán an Dalta isteach ina phunann an-phearsanta

Fí na Folláine (Rang a Cúig): Caidrimh Dhearfacha – Leabhrán an Dalta

Is éard atá i Leabhrán an Dalta: Caidrimh Dhearfacha ná 10 gCeacht a chuireann na páistí ar an eolas faoi 8 straitéis, bunaithe ar fhianaise, le caidrimh dhearfacha a chothú ar bhonn laethúil. Tagann na chéad litreacha i ngach ceacht le chéile chun CAIDRIMH a litriú le gach ceacht a mheabhrú dóibh. Diaidh ar ndiaidh, forbraíonn Leabhrán an Dalta isteach ina phunann an-phearsanta.

Fí na Folláine (Rang a Sé): Creidimh chun Cumasaithe – Leabhrán an Dalta

Is éard atá i Leabhrán an Dalta: Creidimh chun Cumasaithe ná 10 gCeacht a chuireann creidimh ar leith os comhair na bpáistí agus a spreagann iad chun iad a fhiosrú agus a thriail dóibh féin. Foghlaimíonn na páistí go bhfuil Creidimh chun Cumasaithe cosúil le cadhnraí. Soláthraíonn siad cumhacht agus fuinneamh. Tugtar deis do na páistí ansin éifeachtaí gach creidimh ar a bhfolláine a fheiceáil agus a thaifeadadh. Diaidh ar ndiaidh, forbraíonn Leabhrán an Dalta isteach ina phunann an-phearsanta.